COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS
SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL
MEETING OF CLONDALKIN AREA COMMITTEE
Wednesday, October 21, 2020
MOTION NO. 1
MOTION: Councillor Peter Kavanagh
TUAIRISC/REPORT:
Tá roinnt prionsabal taobh thiar de chur chuige Chomhairle Contae Átha Cliath Theas i dtaca le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge.
B’ionann an buiséad a soláthraíodh do chur chun cinn na Gaeilge sa bhliain fhioscach seo agus €15,000 agus is amhlaidh a sháróidh an Chomhairle an méid sin sa bhliain 2020 trí limistéir cosúil le haistriúchán ar dhoiciméid cosúil leis an Tuarascáil Bhliantúil agus an Plean Corparáideach, costais d’ábhair chlóbhuailte le haghaidh Sheachtain na Gaeilge (SnaG) agus aistriúchán ar inneachar statach ar leagan Gaeilge den láithreán gréasáin www.sdcc.ie. Táthar ag réamh-mheas go gcaithfidh an Chomhairle €35,000 ar an nGaeilge i mbliana le foráil don róchaiteachas tríd an mbuiséad cumarsáide ginearálta.
Ina theannta sin, tairgtear ranganna Gaeilge trí líonra leabharlann na Comhairle agus tairgtear tacaíochtaí sa rannóg pobail, amhail trí dheontais phobail chuig grúpaí cosúil le Gaelphobail Thamhlachta. Táthar tar éis ranganna Gaeilge a bhogadh ar líne le linn COVID-19, agus bíonn siad ar fáil do gach saoránach sa Chontae.
Tacaíonn an tAonad Cumarsáide le SnaG agus cuireann chun cinn gach bliain í, trí chistiú a sholáthar do ghrúpaí cosúil le hÁras Chrónáin le himeachtaí a reáchtáil agus ábhair bholscaireachta a léiriú. Thug an Chomhairle gealltanas sa bhliain 2020 chun cistiú a chur ar fáil do leabharlanna Contae le réimse imeachtaí a reáchtáil, d’Áras Chrónáin le SnaG a cheiliúradh in imeachtaí cosúil lena gcéilí bliantúil agus le bileoga a chlóbhualadh i leith an réimse imeachtaí a bheidh ar siúl. Ar an drochuair b’amhlaidh a cuireadh SnaG 2020 ar ceal de bharr na paindéime agus na dianghlasála a fógraíodh i mí an Mhárta.
"Iarann an choiste seo tuairisc ar chur chinn na Gaeilge sa cheantar áitiúil agus cén éifeacht a bhí ag an bpandéime ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana agus ar phleananna don bhliain seo chugainn.
---------------
South Dublin County Council is guided by a number of principles in relation to the provision of the Irish language services
The budget provided for promotion of the Irish language this fiscal year was €15,000 and the Council will exceed that amount in 2020 through areas such as the translation of documents like the Annual Report and Corporate Plan, printed material costs for Seachtain na Gaeilge (SnaG) and translation of static content on the Irish language version of www.sdcc.ie. It is projected that the Council will spend €35,000 on the Irish language this year with the overrun provided for through the general communications budget.
Further to this, Irish classes are offered through the Council's library network while the community section offer supports, such as through community grants to groups like Gaelphobail Thomlachta. Irish classes during COVID-19 have moved online and are available to every citizen in the County.
The Communications Unit support and promote SnaG each year by providing funding to groups like Áras Chrónáin to run events and produce promotional materials. In 2020, the Council committed to providing funding to County libraries to run a range of events, to Áras Chrónáin to celebrate SnaG with events such as their annual ceili and to print brochures for the range of events that will be taking place. Unfortunately, due to the pandemic and lockdown called in March, SnaG 2020 was cancelled.
For SnaG 2021, the Council will be working with key stakeholders on how best to deliver a programme of events during COVID-19 but these are not finalised yet.