COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS
SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL
MEETING OF ARTS, CULTURE, GAEILGE, HERITAGE AND LIBRARIES SPC
Wednesday, February 19, 2020
HEADED ITEM NO.
HEADED ITEM: N. Noonan
2. SDCC Irish Language Strategy
REPLY:
Thug Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas a céad scéim teanga Gaeilge isteach sa bhliain 2009 agus tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gcomhairle ó shin ó thaobh seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Tháinig deireadh leis an scéim is déanaí (2015-2019), ar an 16 Deireadh Fómhair 2019 agus ghlac an Chomhairle le scéim nua, a chuirfear faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag cruinniú iomlán den Chomhairle. Beidh feidhm leis an gceathrú Scéim Teanga Gaeilge go dtí an bhliain 2023. Sonraítear sa Scéim na gníomhartha a dhéanann an Chomhairle maidir le hoiliúint foirne i nGaeilge, an tiomantas i leith freagairt don phobal agus do chomhaltaí tofa i nGaeilge, agus réimsí eile.
Tá Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas faoi threoir ag prionsabail éagsúla maidir le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge
Sa bhreis ar na tiomantais atá imlínithe sa Cheathrú Scéim Teanga, tugann an Chomhairle tacaíocht don Ghaeilge ar bhealaí éagsúla. Tá ranganna Gaeilge á gcur ar fáil trí líonra leabharlanna na Comhairle, agus tugann an rannóg pobail tacaíocht chomh maith i bhfoirm deontas pobail do ghrúpaí ar nós Ghaelphobal Thamhlachta. Tugann an tAonad Cumarsáide tacaíocht agus poiblíocht do Sheachtain na Gaeilge (SnaG) gach bliain trí mhaoiniú do ghrúpaí ar nós Áras Chrónáin, ar son imeachtaí a reáchtáil agus ábhar bolscaireachta a chruthú. In 2020, tá tiomantas déanta ag an gComhairle maoiniú a sholáthar do na leabharlanna Contae le himeachtaí éagsúla a reáchtáil, d’Áras Chrónáin le SnaG a cheiliúradh le himeachtaí ar nós a gcéilí bliantúil agus le bróisiúr a chlóbhualadh don réimse imeachtaí a bheidh ar bun acu. Cuirfidh an Chomhairle seastáin bholscaireachta i Halla an Chontae, Tamhlacht, agus san Oifig Chathrach i gCluain Dolcáin, le nithe amhail suaitheantais, pinn, póstaeir agus cóipleabhair ó Áras Chrónáin agus Foras na Gaeilge.