COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS
SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL
MEETING OF SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL
Monday, March 11, 2019
QUESTION NO. 8
QUESTION: Councillor D. Looney
Chun ceist a chur ar an Príomhfheidhmeannach faoi na pleananna ar Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2019; cad iad na gníomhachtaí atá pleanáilte lasmuigh Tamhlacht agus Cluain Dolcáin; agus an mbeidh deiseanna ann ar rannphartíocht Chomhairleoirí maidir leis na gníomhachtaí atá eagraithe.
To ask the Chief Executive about the plans for Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2019; What events are planned outside Tallaght and Clondalkin; and will the Councillors have an opportunity to input into the planned events
REPLY:
Tá Comhairle Contae agus Seirbhísí Leabharlainne Átha Cliath Theas ag obair le Áras Chrónáin do Sheachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas na bliana seo (SnaGÁCT). Sheol Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Mark Ward, SnaGÁCT go hoifigiúil ar an 27 Feabhra, agus dá réir sin, ní féidir le comhaltaí tofa ionchur a bheith acu in imeachtaí na bliana seo ach is féidir leo moltaí a dhéanamh don bhliain seo chugainn.
Rithfidh clár SnaGÁCT ón 1 go dtí an 17 Márta. Tá os cionn 120 imeacht i bhféilire na bliana seo lena n-áirítear ceolchoirm speisialta le Kíla, Céilí Lá Fhéile Pádraig, Pop-Up Gaeltacht, ceardlanna sna leabharlanna, seisiúin cheoil thraidisiúnta, agus go leor imeachtaí siamsaíochta eile, a bhfuil a bhformhór saor in aisce. Tá imeachtaí sceidealaithe do go leor áiteanna i dTamhlacht, i gCluain Dolcáin, i mBaile Uí Ruáin agus i Leamhcán.
Is é téama chlár na bliana seo ‘Gaeilge Le Chéile’ agus úsáid na Gaeilge sa saol laethúil a spreagadh. Dá réir sin, beidh leabhráin don phobal chun an cúpla focal a chur chun cinn ar fáil ag cuntair um chúram don chustaiméir na Comhairle i dTamhlacht agus i gCluain Dolcáin, mar aon le gach leabharlann. Tá fógraí meirge aníos á dtaispeáint ag an gComhairle i Halla an Chontae agus tá bolscaireacht á déanamh aici trí na meáin áitiúla agus shóisialta.
Tabharfar achoimre ar an imeacht trí Ghaeilge i Nuachtlitir na Saoránach atá ag teacht aníos.
South Dublin County Council and Library Services have partnered with Áras Chrónáin for this year’s Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT). SnaGÁCT was officially launched by the Mayor of South Dublin County Council, Cllr Mark Ward on February 27th, as such, elected members are unable to input into this year’s events but can make suggestions for next year.
The SnaGÁCT programme will run from March 1st to 17th. This year’s calendar has over 120 events including a special concert by Kila, St. Patrick’s Day Céilí, Pop – Up Gaeltacht, workshops in the libraries, traditional music sessions, and many other entertaining events, most of which are free of charge. Events are scheduled to take place in multiple events across Tallaght, Clondalkin, Ballyroan and Lucan.
The theme of this year’s programme is ‘Gaeilge Le Cheile’ and the encouragement of the use of Irish in everyday life. As such, the Council’s customer care counters in Tallaght and Clondalkin, as well in each library, will have booklets available for the public promoting the cupla focal. The Council is displaying pop up banners prominently in County Hall and is promoting through local and social media.
A wrap up of the event will be provided through Irish in the upcoming Citizen’s Newsletter.