COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS
SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL

South Dublin County Council Crest

MEETING OF CLONDALKIN AREA COMMITTEE

Wednesday, March 21, 2018

MOTION NO. 9

MOTION: Councillor B. Bonner

"Molann an choiste seo Brian O Gaibhín,  muintir Chrónáin agus pobal labhartha na gaeilge i g Cluain Dolcáin as ucht an aitheanteas oifigiúil náisiúnta a bhronnadh orthú bheith mar  Líonra Gaeilge. Déanfaimid ár ndícheall mar choiste lán-tacaíocht a thabhairt dóibh.

This committee praises the achievement of the Irish speaking community in Clondalkin, and of Brian O Gaibhin and muintir Chronain in being awarded lionra ghaeilge staus. Furthemore we agree to do everything we can to support them." 

REPORT:

Is mian le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas comhghairdeas a dhéanamh le Cluain Dolcáin as bheith ar cheann de na cúig bhaile a fuair aitheantas náisiúnta mar gheall ar úsáid laethúil na Gaeilge i measc an phobail.

Tréaslaíonn an Chomhairle ach go háirithe le Brian Ó Gáibhín, Muintir Chrónáin agus pobal Chluain Dolcáin, mar gheall ar a gcuid oibre go dtí seo agus an bhaint leanúnach atá acu le Plean Gaeilge a fhorbairt i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Tá sé mar aidhm ag ‘Líonra Gaeilge’ tacaíocht a thabhairt d’úsáid ‘Gaeilge le Chéile’ inár saol laethúil. Is léiriú iad na tionscnaimh amhail ranganna Gaeilge saor in aisce i Leabharlann Chluain Dolcáin agus an deis sóisialta a chuireann Áras Chrónáin ar fáil den díograis atá ag an bpobal le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge amach anseo.

Is é seo an chéad uair riamh sa stair go bhfuil aitheantas tugtha d’úsáid fhorleathan na Gaeilge i bpobail lasmuigh den Ghaeltacht agus tá Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas bródúil as aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí a dhéanann Brian Ó Gáibhín agus na baill dheonacha de chuid Mhuintir Chrónáin.

South Dublin County Council wishes to congratulate Clondalkin on making history in becoming one of five towns to receive national recognition for the daily use of the Irish language in the community.

In particular, the Council extends its congratulations to Brian Ó Gáibhín, Muintir Chrónáin and the people of Clondalkin, on their work to date and their continued involvement in developing an Irish Language Plan in partnership with the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht and Foras na Gaeilge

‘Líonra Gaeilge’ aims to support the use of ‘Gaeilge le Chéile’- Irish together- in our everyday lives. Initiatives such as free Irish classes in Clondalkin Library and the social outlet provided by Áras Chrónáin, are a testament to the community’s dedication to securing the future of the Irish language.

This is the first time in history that the widespread use of Irish has been recognised in communities outside of the Gaeltacht and South Dublin County Council are proud to recognise the efforts of Brían Ó Gháibhín and voluntary members of Muintir Chrónáin.