COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS
SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL
MEETING OF SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL
Monday, February 13, 2017
QUESTION NO.Q12a)
QUESTION: Councillor D. Looney
Chun ceist a chur ar an Príomhfheidhmeannach faoi na pleananna ar Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2017; an mbeidh gníomhachtaí pleanáilte lasmuigh Tamhlacht agus Cluain Dolcáin; agus an mbeidh deiseanna ann ar rannphartíocht Chomhairleoirí maidir leis na gníomhachtaí atá eagraithe.
To ask the Chief Executive what are the plans for Seachtain na Gaeilge in South Dublin County for 2017 and will there be events outside of Tallaght and Clondalkin and are there opportunities for Councillors to participate in events.
REPLY:
Is deis í Seachtain na Gaeilge 2017 (1-17 Márta) Teanga agus Cultúr na hÉireann a cheiliúradh. Tá clár lomlán d'imeachtaí i gcomhair daoine fásta agus páistí á chur ar fáil ag Comhairle Contae/Leabharlanna Bhaile Átha Cliath Theas, agus is é aidhm na n-imeachtaí seo ar fad ná Teanga agus Cultúr na hÉireann a chur chun cinn.
Don bhliain 2017, táimid ag obair i gcomhpháirt le hÁras Chrónáin arís chun ár gclár imeachtaí a chur i láthair. Liostófar os cionn 110 imeacht sa bhróisiúr agus beidh neart deiseanna éagsúla ann do phobail Chontae Átha Cliath Theas, ár dTeanga agus ár nOidhreacht Éireannach a cheiliúradh. Tá imeachtaí pleanáilte do cheantair Chluain Dolcáin, Thamhlachta, Leamhcáin agus Ráth Fearnáin.
Seolfaidh an Méara Guss O'Connell clár Sheachtain na Gaeilge Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas i Leabharlann an Chontae, Tamhlacht, ag 11.00am ar an Mháirt 21 Feabhra 2017, i gcomhluadar cheoltóirí ‘Seo Linn’ agus páistí ó bhunscoileanna áitiúla.
Beidh imeachtaí lena ndéanfar Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta, agus ina measc beidh siad seo a leanas:
Foilseofar an bróisiúr sula i bhfad agus beidh sé ar fáil i ngach ceann de Leabharlanna agus Foirgnimh Chathartha Átha Cliath Theas agus ar shuímh ghréasáin na Leabharlanna agus na Comhairle, www.southdublinlibraries.ie agus www.sdcc.ie. Tá cóip den dréachtchlár iniata leis seo agus scaipfear an bróisiúr deiridh ar na Comhairleoirí ar fad.
Ina theannta sin, beidh dianchúrsa Gaeilge deireadh seachtaine ar siúl i mí Márta 2017, agus aon Chomhaltaí Tofa ar mian leo freastal ar an gcúrsa, is féidir leo dul i dteagmháil le Brian Ó Gáibhín, Áras Chrónáin, Ionad Cultúir ar 01 4574847.
Seachtain na Gaeilge 2017 (1st -17th March) provides the opportunity for celebrating the Irish language and Culture. South Dublin County Council/ Libraries and delivers a packed programme of activities for adults and children all aimed at promoting the Irish Language and Culture
For 2017, we have again collaborated with Áras Chrónáin to produce our programme of events. The brochure will list over 110 events and there a variety of opportunities for the communities of South Dublin County to celebrate our Irish Language and Heritage. There are events planned for the Clondakin, Tallaght, Lucan and Rathfarnham areas.
The launch of South Dublin County’s Seachtain na Gaeilge programme, by the Mayor Guss O’ Connell will take place in County Library, Tallaght at 11.00am on Tuesday 21st February 2017 with musical performers ‘Seo Linn’ and the participation of children from local primary schools.
Events celebrating Seachtain na Gaeilge will run from 1st to 17th March including some of the following:
The brochure will be published shortly and made available in all South Dublin Libraries/Civic Buildings and on the Library and Council websites www.southdublinlibraries.ie and www.sdcc.ie . A copy of the draft programme is attached and the final brochure will be circulated to all Councillors.
In addition, there is an intensive Irish Language Weekend Course taking place in March 2017 and Elected Members who are interested in attending can contact Brian Ó Gáibhín, Áras Chrónáin, Irish Cultural Centre at 01 4574847.