COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS
SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL

South Dublin County Council Crest

MEETING OF SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL

Monday, February 08, 2016

QUESTION NO.12

QUESTION: Councillor D. Looney

Chun ceist a chur ar an príomhfheidhmeannach cad iad na pleananna ar son Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2016, agus an mbeidh deiseanna ann ar rannphartíocht Chomhairleoirí maidir leis na gníomhachtaí atá eagraithe?

To ask the Cheif Exeecutive what are the plans for Seachtain na Gaeilge in 2016, and what opportunities are there for Participation by the Local Councillors regarding the activities organized?

REPLY:

I rith Sheachtain na Gaeilge (an 1-17 Márta), bíonn an deis againn an Ghaeilge agus an Cultúr Gaelach a cheiliúradh. Gach bliain, eagraíonn Comhairle Contae Átha Cliath Theas agus Leabharlanna Átha Cliath Theas clár atá líon lán de ghníomhaíochtaí do dhaoine fásta agus do leanaí, agus bíonn na gníomhaíochtaí sin go léir dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn.

I gcomhair na bliana 2016, táimid tar éis dul i mbun comhoibrithe arís le hÁras Chrónáin chun clár bliantúil a ullmhú. Beidh liosta sa bhróisiúr sin de na himeachtaí go léir agus na deiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do phobail Chontae Átha Cliath Theas ionas gur féidir leo ár n-oidhreacht Éireannach a cheiliúradh.

In 2016, beidh an téama 'An Teanga Bheo' á cheiliúradh againn freisin, mar aon leis an tábhacht a bhain le hathbheochan na Gaeilge agus le Glúin Réabhlóidithe 1916.

Beidh SnaGacht, clár Chontae Átha Cliath Theas do Sheachtain na Gaeilge, á sheoladh ag an Méara Holland i Leabharlann Bhaile Uí Ruáin i Ráth Fearnáin ag a 11.00 r.n. ar an Luan an 22 Feabhra 2016, i gcuideachta Niall de Búrca, atá ar dhuine de na scéalaithe is fearr in Éirinn. Beidh leanaí ó na bunscoileanna áitiúla ag glacadh páirte san ócáid.

Beidh imeachtaí lena ndéanfar Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta, agus ina measc beidh siad seo a leanas:

Foilseofar an bróisiúr sula i bhfad agus beidh sé ar fáil i ngach ceann de Leabharlanna agus Foirgnimh Chathartha Átha Cliath Theas agus ar shuímh ghréasáin na Leabharlanna agus na Comhairle, www.southdublinlibraries.ie agus www.sdcc.ie . Déanfar cóip den bhróisiúr a dháileadh ar gach Comhairleoir.

Seachtain na Gaeilge (1-17 March) provides the opportunity for celebrating the Irish language and Culture. South Dublin County Council/ Libraries every year deliver a packed programme of activities for adults and children all aimed at promoting the Irish Language.

For 2016, we have again collaborated with Áras Chrónáin to produce an annual programme. The brochure will list all of the events and a variety of opportunites for the communities of South Dublin County to celebrate our Irish heritage.

In 2016, we will also celebrate 'An Teanga Beo' and the importance of the revival of the Irish Language and the Revolutionary Generation of 1916.

The launch of SnaGacht, South Dublin County’s Seachtain na Gaeilge programme, by the Mayor Holland will take place in Ballyroan Library, Rathfarnham at 11.00am on Monday 22nd February 2016 with Niall de Burca, one of Ireland’s finest storytellers with the participation of children from local primary schools.

Events celebrating Seachtain na Gaeilge will run from 1st to 17th March including some of the following:

The brochure will be published shortly and made available in all South Dublin Libraries/Civic Buildings and on the Library and Council websites www.southdublinlibraries.ie and www.sdcc.ie . A copy of the brochure will be circulated to all Councillors.