COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS
SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL
MEETING OF SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL
Monday, February 09, 2015
QUESTION NO.9
QUESTION: Councillor D. Looney
Chun ceist a chur ar an príomhfheidhmeannach cad iad na pleananna ar son Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas?
To ask the Chief Executive what are the plans for Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas?
REPLY:
Deis a bheidh i Seachtain na Gaeilge (1-17 Márta) chun an Ghaeilge agus an Cultúr a cheiliúradh. Bíonn clár a bhíonn lomlán d'imeachtaí do dhaoine fásta agus do pháistí ar siúl ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas/na Leabharlanna gach bliain agus é dírithe ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.
Agus féile 2015 ag teannadh linn, táimid féin agus Áras Chrónáin tar éis comhoibriú le chéile arís chun an clár bliantúil a chur le chéile. Tá na himeachtaí go léir a bheidh acu tugtha síos in éineacht sa bhróisiúr agus tabharfaidh na himeachtaí sin deiseanna éagsúla do phobal Chontae Átha Cliath Theas ár n-oidhreacht Ghaelach a cheiliúradh.
Seolfar SnaGact, clár Sheachtain na Gaeilge Chontae Átha Cliath Theas sa Leabharlann Contae, Tamhlacht ag a 10.30am Dé Máirt, an 3ú Márta agus beidh Niall de Búrca, duine de na seanchaithe is fearr in Éirinn i láthair chomh maith le breis is 100 scoláire as scoileanna i gContae Átha Cliath Theas.
Bainfidh os cionn 40 imeacht le Seachtain na Gaeilge, agus beidh siad ar siúl sna leabharlanna ón 2ú go dtí an 14ú Márta agus áireofar leo sin
Foilseofar an bróisiúr go luath agus beidh sé ar fáil i Leabharlanna Átha Cliath Theas/sna Foirgnimh Chathartha go léir agus ar shuíomhanna gréasáin na Leabharlann agus na Comhairle www.southdublinlibraries.ie agus www.sdcc.ie. Scaipfear cóip den bhróisiúr ar gach Comhairleoir.
Seachtain na Gaeilge (1-17 March) provides the opportunity for celebrating the Irish language and Culture. South Dublin County Council/ Libraries every year deliver a packed programme of activities for adults and children all aimed at promoting its use.
For 2015, we have again collaborated with Áras Chrónáin to produce an annual programme. The brochure lists all of their events together offering to the community of South Dublin County a variety of opportunities for celebrating our Irish heritage.
The Launch of SnaGacht, South Dublin County’s Seachtain na Gaeilge programme, will take place at County Library Tallaght at 10.30am on Tuesday 3rd March with Niall de Burca, one of Ireland’s finest storyteller and the participation of over 100 children from schools in South Dublin County.
With over 40 events celebrating Seachtain na Gaeilge, the programme in the libraries will run from 2nd to 14th March including
The brochure will be published shortly and made available in all South Dublin Libraries/Civic Buildings and on the Library and Council websites www.southdublinlibraries.ie and www.sdcc.ie . A copy of the brochure will be circulated to all Councillors.