COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS
SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL

south dublin county council crest

MEETING OF SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL

Monday, November 12, 2012

QUESTION NO.23

QUESTION: Councillor E. Walsh 2009

1.Mar Chomhairle Contae a chothaíonn iolrachas agus urraim do dhaoine Ó thraidisiúin dhifriúla atá ina gcónaí sa Chontae agus chun céiliúradh oiriúnach a chur ar fáil ; cén phlean atá ag an gComhairle chun Féile na Nollag a cheiliúradh i gceart agus an rachaidh an Chomhairle i dteagmháil leis na hEaglais Éagsúla agus na comhphobhail Chríostaí ar fud an Chontae?

2. An  dtabharfadh an Chomhairle amharc ar mhainséar a chur suas lasmuigh den leabharlann i mbliana?

1. As a Council that supports pluralism and respect to those from different traditions who live in the County and to provide an appropriate celebration; what plan has the Council to celebrate the Christmas Festival properly and will the Council consult the various Churches and Christian Communities throughout the County?

2.Would the Council consider installing a crib outside the  library this year?

REPLY:

1.  Ceiliúradh bliantúil geimhridh É UNWRAPPED trína bhfaigheann páistí, daoine Óga, agus grúpaí idir shean agus Óg cuireadh a bheith i dteannta ealaíontóirí gairmiúla chun séasúr féiltiúil an gheimhridh a ‘oscailt’ le ceol, taibhiú agus amharcealaíona.

‘The Selfish Giant’, gearrscéal Oscar Wilde, a spreag UNWRAPPED 2012. Scéal É faoi fhathach a raibh gairdín Álainn aige ach a raibh cuma an gheimhridh air i gcónaí mar nach raibh an fathach sásta daoine eile a ligean isteach ann. Lá amháin, d’éirigh le páistí a mbealach a dhéanamh isteach sa ghairdín i nganfhios le dul ag spraoi ann. Thug an fathach faoi deara gur thosaigh bláthanna ag teacht amach, ina gceann is ina gceann, ar na crainn a bhí sa ghairdín lom sin mar gheall ar na páistí a bheith istigh ann. Thuig sé nach mbíodh sé féin ag cuimhneamh ar aon duine eile ach air féin.

Gheobhaidh siad siúd a bheidh i láthair, más sean nó Óg iad, cuireadh Ó ealaíontóirí agus Ó rannpháirtithe dul ar turas dáiríre leo tríd an ngairdín atá ag an bhFathach Leithleach, turas spéisiúil samhlaíoch bunaithe ar bheochan, puipéadóireacht, ceol agus amharcealaíona agus músclóidh an turas téamaí sin an chairdis, an ghrá agus na flaithiúlachta atá sa scéal.

Is sa Leabharlann Contae i dTamhlacht agus i gCearnóg Sheomra na Comhairle a bheidh na himeachtaí ar siúl Dé Sathairn, 8ú Nollaig 2012 Ón 3:45pm go dtí 5pm.

Cuirfear tús le cúrsaí i Leabharlann Thamhlachta Áit a gcuirfidh an compántas amharclainne nuálach, Monkeyshine Theatre, scéal an Fhathaigh Leithligh i láthair an lucht féachana mar léiriú a bheidh coimisiúnaithe go speisialta, agus glacfaidh aisteoirí Óga a bheidh pioctha le haghaidh an imeachta páirt ann. Ansin ina dhiaidh sin beidh an lucht féachana féin fuaite isteach sa scéal. Rachaidh siad ar turas faoi sholas na laindéar in Éineacht le rannpháirtithe agus ealaíontóirí agus Michael Buckley, an ceoltóir, Á dtreorú trí ghairdín an Fhathaigh i gCearnóg Sheomra na Comhairle le hais Halla an Chontae i dTamhlacht. Bogfar Ón Leabharlann go dtí an Amharclann Phobail, agus tiocfaidh an imeacht chun deiridh nuair a lasfaidh Méara Chontae Átha Cliath Theas crann Nollag an Chontae le taobh RUA RED - (Ionad Ealaíon Átha Cliath Theas).  Daoine as an bpobal a rinne na laindéir agus bhí cúnamh acu Ón ealaíontóir, Maeve Clancy. Bainfear Úsáid as taispeántais fuinneoige gearrtha as páipéar agus as páipéir dhaite ar crochadh chomh maith le teilgean de shaothar beochana leis an ealaíontóir Maeve Clancy chun samhail de ghairdín a chruthú; beidh na daoine a bheidh i láthair in ann a bheith istigh sa ghairdín; cuirfidh ceol le Cór Sóisearach Pharóiste San Iúd, Teach Mealóg; Scoil Shinsearach Mhuire, Rualach, Cór Pháistí Chillín, Cill na Manach, cór Suburban Sounds faoi stiúir Carol Keogh agus Cór Shéipéal Mharcais, Achadh an Tobair leis an méid sin freisin.

Tiocfaidh an Fathach, a mbeidh a cheacht i dtaobh a bheith cineálta foghlamtha aige faoin am seo i láthair, agus go deimhin féin beidh sé fial flaithiúil anois; fáilteoidh sé roimh na daoine a bheidh i láthair agus cuirfidh sé fáilte Uí Cheallaigh rompu go léir isteach ina ghairdín. An t-ealaíontóir Tadashi Kato a dhear An Fathach agus bhí cúnamh aige Ón ealaíontóir Jackie Gray.

Cuirfear clabhsúr ar an imeacht le fáiltiú i bhforhalla RUA RED, Áit a bheidh maisithe le sraitheanna páipéir de chalóga sneachta.

Imeacht É UNWRAPPED atá ar bun Ó 2010 agus a chuirtear ar siúl trí chomhpháirtíocht chruthaitheach idir Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha; Leabharlanna Chontae Átha Cliath Theas; Ealaíona Pobail Thamhlachta; Alternative Entertainment; Contact Studio; An Amharclann Phobail, Tamhlacht; RUA RED, Ionad Ealaíon Átha Cliath Theas agus Comhpháirtíocht Oideachais Cheoil Chontae Átha Cliath Theas.

Fáilteofar roimh an bpobal go léir chuig an imeacht agus seolfar cuireadh thar ceann Oifig an Mhéara chuig eagraíochtaí na bpobal Áitiúil agus chuig eagraíochtaí creidimh.

Tá socruithe Á ndéanamh freisin faoi láthair ag Oifig an Mhéara i gcomhairle le comhaltaí tofa Choiste Limistéir Chluain Dolcáin maidir leis an gCrann Nollag a lasadh in Oifigí Cathartha Chluain Dolcáin.

1.  UNWRAPPED is an annual winter celebration that invites children, young people, and communities of all ages to join professional artists to ‘unwrap’ the festive winter season through a combination of music, performance and visual arts.

Oscar Wilde’s short story ‘The Selfish Giant’ is the inspiration for UNWRAPPED 2012. It is the story of a giant who has a beautiful garden that remains in a permanent state of winter because he refuses to share it with others. One day, children sneak into the garden to play. The giant notices that amidst the wintery garden trees begin to blossom one by one, because of the presence of the children. He learns how selfish he had been.

Artists and participants invite audiences of all ages to literally journey with them through the garden of ‘The Selfish Giant’ in an exciting and imaginative promenade event involving animation, puppetry, music and visual arts that brings the story’s themes of friendship, love, and generosity of spirit to life.

The event will take place in the County Library Tallaght and Chamber Square on Saturday, December 8th 2012 from 3:45pm – 5pm

The event begins in Tallaght Library where innovative theatre company, Monkeyshine Theatre will tell audiences the story of ‘The Selfish Giant’ through a specially commissioned performance involving young performers commissioned for the event. Audience members then become part of the story. Led by musician Michael Buckley, they will journey with participants and artists in a lantern lit promenade through the Giant’s garden in Chamber Square at County Hall, Tallaght. The promenade will move from the Library, to the Civic Theatre and culminate in the official lighting of the County’s Christmas tree by the Mayor of South Dublin County  beside RUA RED, South Dublin Arts Centre).  Lanterns have been created by members of the community with the assistance of artist Maeve Clancy. Audience members will be immersed in the garden through paper cut window displays and hangings as well as the projection of animation work by artist Maeve Clancy and through musical performances by St. Jude’s Parish Junior Choir, Templeogue; St. Mary’s Senior School, Rowlagh; St. Kilian’s Children’s Choir, Kilnamanagh; Suburban Sounds choir led by Carol Keogh and St. Mark’s Church Choir, Springfield.

The Giant, now generous having learned the importance of kindness, will make an appearance and greet the audience welcoming all to enjoy his garden.  The Giant has been designed by artist Tadashi Kato with the assistance of artist Jackie Gray.

The event will conclude with a reception in the foyer of RUA RED, decorated with a series of paper cut snowflakes by artist Maeve Clancy.

UNWRAPPED has been taking place since  2010 through a creative partnership between South Dublin County Council Arts Office and Corporate Services Department; South Dublin Libraries; Tallaght Community Arts; Alternative Entertainment; Contact Studio; Civic Theatre, Tallaght; RUA RED, South Dublin Arts Centre and South Dublin County Music Education Partnership.

The event is open to all members of the public and invitations will also be extended on behalf of the Mayor’s office to local community and religious organisations.

2.  Cuireann Seirbhís Leabharlainne na Comhairle spás neodrach nach d’aon taobh É ar fáil do na pobail Áitiúla. Chuige sin sheachain na leabharlanna taobhú le fealsúnacht reiligiúnach nó pholaitiúil ar leith ar bith. Tacaíonn na bailiúcháin de leabhair leabharlainne ina léirítear idé-eolaíocht pholaitiúil agus reiligiúnach Ó cheann ceann na cruinne leis an oscailteacht agus leis an uileghabhálacht seo. Meastar nárbh iomchuí an ní É sa chomhthéacs seo mainséar a bheith taobh amuigh den leabharlann. Glacfaidh cóir as na pobail Éagsúla páirt i bhféile Unwrapped na bliana seo agus tabharfar cuireadh do na ceannairí creidimh go léir atá sa Chontae a bheith i láthair ag na himeachtaí ceiliúrtha.

2.  The Council’s Library Service provides a neutral and unbiased space for local communities. For this reason libraries have refrained from espousing any particular religious or political philosophy. Library book collections reflecting political and religious ideologies from across the globe support this openness and inclusivity. It is felt that a crib outside the library would not be appropriate in this context. The Unwrapped festival this year will include choirs from across communities and all religious leaders in the County will be invited to the celebrations.