COMHAIRLE CONTAE ÁTHA CLIATH THEAS
SOUTH DUBLIN COUNTY COUNCIL
MEETING OF TALLAGHT AREA COMMITTEE (1)
Monday, September 19, 2011
QUESTION NO. 9
QUESTION: Councillor E. Walsh 2009
"Ag féachaint don toradh Ó shuirbhé Irish Business Against Litter agus go meabhraítear go bhfuil leibhéal 'measartha' de bhruscar i dTamhlacht, cén plean nó gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Contae ionas go mbeadh Tamhlacht i gcatagóir ' Glan de réir na gcaighdeán Eorpach'' a shroicheadh an bhliain seo chugainn?
Having regard to the survey result of the Irish Business Against Litter that it is considered that Tallaght is 'Moderately Littered' , what plan or action is the County Council arranging so that Tallaght will achieve the 'Clean to European norms' category next year?"
FREAGRA:
Ghlac an Chomhairle leis an bPlean Bainistíochta Bruscair ag cruinniú i Mí Iúil agus beidh na Pleananna Feidhmithe Á gcur i láthair na gCoistí Ceantair i Mí Dheireadh Fómhair. Chomh maith leis sin, rinne an méadú ar 48 ball foirne chun bruscar a bhailiú difríocht shuntasach do na siocracha móra bruscair, mar a rinne an obair atá déanta ag na heagraíochtaí pobail freisin lena gceantair féin a choinneáil ghlan. Ach, tá criúnna sannta go leanúnach do na háiteanna leis na fadhbanna is mó bruscair, ach tá bruscar Á chaitheamh sna ceantair seo arís agus arís eile. Mar chuid den Phlean Feidhmithe, déanfar scrúdú ar na féidearthachtaí atá ann le criúnna níos mó a shannadh ar bhonn forásach do na ceantair seo.
Tugann An Fhoireann Feasachta Comhshaoil tacaíocht don oideachas agus feasacht comhshaoil agus cuireann sí chun cinn iad do scoileanna, cumainn Áitritheoirí, grúpaí pobail agus gnólachtaí ar fud an chontae. Chomh maith le feachtais in aghaidh an bhruscair, an tacaíocht d’fheasacht in aghaidh an bhruscair, atá leanúnach, cuirtear eolas, cainteanna agus ceardlanna ar fáil do na grúpaí thuasluaite ar bhonn leanúnach chomh maith. Seo a leanas cuid de na tionscnaimh a chuirtear ar fáil:
Scéim Deontais um Thionscnamh Feasachta in aghaidh an Bhruscair agus an Ghraifítí
Tugann an Scéim Deontais um Thionscnamh Feasachta in aghaidh Bhruscair agus an Ghraifítí aird ar leith ar thionscnaimh dheonacha grúpaí pobail agus comhshaoil, agus ar scoileanna agus daoine Óga a fháil rannpháirteach i ngníomhartha in aghaidh Bhruscair agus an Ghraifítí. Déanann na tionscnaimh/gníomhaíochtaí seo iarracht a dhéanamh ar an bhfeasacht agus oideachas i leith bruscair agus/nó graifítí a chur chun cinn, agus béim ar leith ar scoileanna agus daoine Óga, grúpaí pobail agus comhshaoil a bheith páirteach ann, chomh fada agus is féidir. Cuireann an Roinn Comhshaoil an maoiniú seo ar fáil gach bliain, faoi réir an maoiniú a bheith ar fáil.
Tionscnamh na gComhairlí um Ghlanadh Suas sa Phobal
Tionscnamh na gComhairlí um Ghlanadh Suas sa Phobal – Is bealach iontach É an Glanadh suas sa Phobal lena thaispeáint go bhfuil suim ag daoine ina gceantar Áitiúil agus spreagann sé daoine gan bruscar a chaitheamh agus a bheith bródúil as an Áit. Tríd an tionscnamh seo, is féidir le Comhairle Contae Átha Cliath Theas cúnamh a thabhairt do chumainn Áitritheoirí Áitiúla agus grúpaí pobail lena nGlanadh Suas sa Phobal.
Córas Creidmheasa Sóisialta
Is É an aidhm atá ag an gCóras Creidmheasa Sóisialta ná aitheantas a thabhairt do ghrúpaí Áitiúla a dhéanann dea-obair shóisialta ina gceantar féin, ar nós glantacháin bruscair, cothabháil a dhéanamh ar gairdíní pobail agus graifítí a bhaint. Tugann an córas seo cúnamh agus comhairle phraiticiúil do na grúpaí a dhéanann na gníomhartha seo agus tugann sé aitheantas dóibh as a gcuid iarrachtaí. Tá sé mar aidhm caipiteal sóisialta a chothú sna pobail Áitiúla.
Comórtas Chontae Átha Cliath Theas go Deas
Tá sé mar aidhm ag Comórtas Chontae Átha Cliath Theas go Deas Contae Bhaile Átha Cliath Theas a chruthú mar Áit níos fearr chun a bheith ag obair nó maireachtáil ann trí na nithe seo a leanas:
Aitheantas a thabhairt do na pobail atá ag obair bliain i ndiaidh bliana chun feabhas a chur ar a gceantair féin.
Rannpháirtithe a spreagadh le bheith níos airdeallaí agus freagrach as a gcomhshaol Áitiúil.
Forbairt Pobail atá níos inbhuanaithe a spreagadh.
Glantachán Náisiúnta an Earraigh - gach bliain, cuirtear amach foirmeacha iarratais agus nuachtlitreacha chuig na scoileanna, grúpaí pobail agus cumainn Áitritheoirí le bheith páirteach i nGlantachán Náisiúnta Earraigh An Taisce, an t-imeacht is mó in Éirinn in aghaidh bruscair.
An Bróisiúr ar Bruscar agus an Dlí
An Treoir um Úinéireacht Fhreagrach as Madraí
Seastán ar Úinéireacht Fhreagrach as Madraí - Tá preabsheastán taispeántais Chomhairle Contae Átha Cliath Theas ar Úinéireacht Fhreagrach as Madraí le fáil ar iasacht do scoileanna, ionaid phobail, gnóthaí agus ionaid eile chun cur ar taispeáint. Chomh maith leis sin cuirimid bróisiúir ar Úinéireacht Fhreagrach as Madraí agus scuab salachair ar fáil an fhad agus atá siad againn. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
Cuirtear iad seo a leanas ar fáil do scoileanna
· Clár na Scoileanna Glasa - Is clár oideachais comhshaoil idirnáisiúnta, córas bainistíochta comhshaoil agus scéim dhámhachtainí É Clár na Scoileanna Glasa a spreagann agus a thugann aitheantas don obair sa scoil uile a dhéantar go fadtéarmach don chomhshaol. Ceann amháin de na príomhthosca ratha de Chlár na Scoileanna Glasa ná go bhfuil téamaí i gceist leis an gclár. Is É atá i gceist leis sin ná go dtugann na scoileanna atá rannpháirteach faoi théama amháin ag an am. Is É Bruscar agus Dramhaíl an chéad téama. http://www.greenschoolsireland.org/index.aspx?Site_ID=1&Item_ID=98
· Comórtas In Aghaidh Bruscair do na Scoileanna Comhshaoil - gach bliain, cuirtear amach foirmeacha iarratais chuig gach scoil agus tugtar cuireadh dóibh a bheith páirteach sa Chomórtas In Aghaidh Bruscair do Scoileanna Comhshaoil.
· Cainteanna In Aghaidh an Bhruscair
· Ceardlanna In Aghaidh an Bhruscair
· Comórtas Maisiúcháin Athchúrsála um Nollaig
· Ceardlanna Athchúrsála 'Make and Do' le téamaí Oíche Shamhna agus na Nollag
· Cluiche Mór Dúshláin Dramhaíola ar iasacht do scoileanna
· Imeachtaí Sheachtain na héiceolaíochta In Aghaidh an Bhruscair
· Tascfhórsa In Aghaidh Guma Coganta
· An Nuachtlitir, Tráthanna Glasa do Scoileanna – tugann sé seo eolas suas chun dáta ar oideachas comhshaoil agus tugann sé tacaíocht do na scoileanna. Tá na nuachtlitreacha go léir ar fáil le híoslódáil Ó shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Átha Cliath Theas.
Mar chuid den chlár in 2012, beidh an cheist maidir le buidéil phlaisteacha aon uaire Á scrúdú, i gcomhthéacs feachtas a bhunú toisc gurb iad an chúis is mó a bhfuil bruscar i bpáirceanna agus ar na cosáin sa chontae. Chomh maith leis sin, beidh an Chomhairle ag obair i gcomhar le grúpaí spóirt Áitiúla a fhaigheann páirceanna ar cíos, chun Áiseanna páirce níos glaine a chur ar fáil do chách.
REPLY:
The Litter Management Plan was approved by the Council at the July Meeting and the Implementation Plans will be presented in October to the Area Committees. The addition of 48 staff deployed to litter picking has made a considerable difference to litter blackspots as indeed have the efforts of community organisations in keeping their areas clean. However the areas with the most concentrated problems of litter have crews assigned on a constant basis and the area is littered again and again. As part of the Implementation Plan the possibility of assigning larger crews to areas on a rolling basis will be examined.
The Environmental Awareness Staff support and promote environmental education and awareness to schools, residents associations, community groups and businesses throughout the county. In addition to ongoing anti-litter campaigns, anti-litter awareness support, information, talks and workshops are also offered on an continuous basis to aforementioned groups. Some of the initiatives that are provided are as follows:
Anti-Litter and Anti-Graffiti Awareness grant Scheme
The Anti-Litter and Anti-Graffiti Awareness grant scheme has a particular focus on voluntary initiatives by community and environmental groups, and on involving schools and young people in anti-litter and anti-graffiti action. Projects/activities seek to promote greater public awareness and education in relation to litter and/or graffiti, and as far as possible, have a particular focus on involving schools and young people and on voluntary initiatives by community and environmental groups. This funding is provided every year subject to funding availability from the Department of Environment.
Councils Community Clean Up initiative
The Councils Community Clean Up initiative – A Community Clean up is a great way to show that people care about their local area and it actively encourages people not to drop litter and take pride in the area. Through this initiative South Dublin County Council can help local residents associations and community groups with their Community Clean up
Social Credit Scheme
The Social Credit Scheme, aims to reward community groups for undertaking pro-social works in their locality such as litter cleanups, maintenance of community gardens and removal of graffiti etc. The system provides practical assistance and advice to groups who undertake these actions and rewards them for their efforts. It aims to create social capital in local communities.
Beautiful South Dublin County Competition
The Beautiful South Dublin County Competition aims to make South Dublin County a better place to live and work in by:
National Spring Clean - each year schools, community groups and residents associations are posted out application forms and newsletters to participate in the An Taisce’s National Spring Clean, Irelands largest anti litter event.
The litter and the law leaflet
The Responsible Dog Ownership Guide
Responsible Dog Ownership Stand - South Dublin County Council’s Responsible Dog Ownership pop-up stand is available on loan to schools, community centres, businesses and other venues to display. We will also provide Responsible Dog Ownership Leaflets and Poop Scoops while stocks last. Click here for more information.
Schools are provided with
· The Green Schools Programme - Green-Schools is an international environmental education programme, environmental management system and award scheme that promotes and acknowledges long-term, whole school action for the environment. One of the key success factors of the Green-Schools programme is that it is a themed programme. That is, schools undertaking the programme work through one theme at a time. The 1st theme of which is Litter & Waste
· Environmental Schools Anti Litter Competition - each year all schools are posted out application forms and invited to participate in the following the Environmental Schools Anti Litter Competition.
· Anti-litter talks
· Anti-litter workshops
· Recycled Christmas Decoration Competition
· Halloween and Christmas themed recycling make and do workshops
· Giant Waste Challenge Game on loan to schools
· Anti-litter Eco Week events
· Gum Litter taskforce
· The Green Times Newsletter – supplies up to date information on environmental education and awareness supports offered to schools. All the newsletters are also available to download from South Dublin County Councils website
As part of the 2012 programme the issue of disposable plastic bottles will be examined in the context of a campaign as they are the greatest generators of litter in parks, pitches and pathways in the county. In addition the Council will be working with local sports groups who rent pitches in order to provide a cleaner pitch facility for all